Deirdre
© Unknown author
E-Text: C.E.L.T.
p.142
Feacht n-aon ro luidhe
There is a footnote to this 'luidh, he went'.
Conchubhar mhac Fachtna rí Uladh & maithe na Craobhruaidhe
chum fleadha go tigh Fheidhlim mhic Doill, árd sgealuidh an righ,
agus ba subhach soimheanmnach an rí agus a mhuinntir ag caitheamh na
fleidhe sin a t-tigh an ard-sccealuidh le ceolta caoimh na n-oirfideach & le
binneas glor na m-bard sna n-ollamh, re h-aoibhnios urlabhra & seanachais na
suadh & lucht léighte caoineach leac & leabhar: re tuar na
n-druadh & lucht airimhthe Raé agos Rean. Agos an tráth bu
suthach sáimh an comhdháil go coitchionn, tárla go
rucc bean Fheidhlimi inghion áluinn iolcrothach, le linn na
fleidhe. Eirghios go h-athlomh Caithfaidh caoimh ceann draoidh na h-Eireann,
a tharla a lathair san c-comhdháil an tráth sin, agus beart
a shein leabhar seitheach sigh inn a láimh chlí lais, &
imthighios amach fa h-ur a leasa & gabhus ag breathnughadh go grinn & ag
rinfheithimh ar neultaibh an aeoir, ar alt na realt, & ar aois na Ré,
chum faisdine d'fhaghail & fios na cineamhna bhi a c-cuine an linibh do
gineadh ann. Fillios Cathfaidh go luath ar chách a láthair
an righ, & do aithris dóibh tuar & tarrangaire, go t-tiucfadh
n-iomad dochar & dithe do choicce Uladh da thoisg na h-inghiona do gineadh
ann.
Ag fághail na faistine do mhaithibh Uladh do cinneadar comuirle
a n-oidhe do mhilleadh & do bradar laochra na Craobhruaidhe a
marbhadh gan fhuireach.
Ní h-amhlaigh deantar, ar an righ, ní h-ionmholta cathughadh a
n-aghaidh na cinneamhna, & is maircc don ti do mhilleadh naoidhe
neamhurcoideach, oir is geanamhuil gnaoi & gáire an leinibh: mo nuar!
bu truagh a muchadh. Tugaighe fa n-deara a uaisle Uladh & eistighe
liom-sa, a churadha crodha na Craobruaidhe, & tuigighe go n-géilliom-sa
fos do thuar na t-tarrangaire & d'faistine bh-faidhe, acht cheana ní
gheilliom 's ní mholaim gníomh táir no feillgniomh do dhénomh
a n-dochas choisg feirge chúmhachta n-dúl. Mas cineamhain
í nach feidir seachnadh, tugaidh gach einneach oidhe do feisin acht na dórtaoi
cru a
p.144
naoídhe nimhchiontach, óir ní dual ágh 'na dhiaigh.
Fuagraim dhibh iomora a mhaithe na h-Eamhna go n-gabham a n-inghion faoi mo
chumairce bodhein feasta & ma beó buan me & í is eidir go
m-biadh 'na h-aonmhnaoi & 'na caoimh ceile agam. Uime sin dearbhaighiom
d'fhearaibh Eireand fa ratha easg & grein einneach do lamhadh a
milleadh anois no arís nach buan beó é, ma
mhairim-sa da héis.
D'eistiodar maithe Uladh & cách go coitcheann go toi
tostach, gur eirghidh Conall Cearnach, Feargus mhac Roigh, &
laochra na Craobhruaidhe a n-aoineacht, & as eadh do beart: A airdrí
Uladh is ceart do breith, & is dleacht a choimhead, & gurab
í do thoil-se dheantar.
Daile na h-inghiona thug Conchubhar fo n-a chumairce feisin í,
& do chuir a lios fa leith í, da h-oileamhain age ag a buime
darbh ainm Leabharcam, a n-daingion na Craobhruaidhe, &
beirsiomh Conchobhar & Cathfaidh droidh dheire d'ainm
dhi. As a h-aithle do bha Dhéirdre da h-oileamhain go h-úr
fui Leabharcam re ré a h-aosa & fo bhantracht ga h-ard
leasugha inn gach h-ealadhain bo h-oireamhnach d'inghion
ardflaithe, gur eirghe 'na buinne blathmhur & gur chinn os gach ceim a h-áilne.
Acht cheana ro h-oileadh í ré h-iomarc sogh bidh & dighe,
ionnus go ma moide a mead sa h-apadh, & go ma luaiche ion-nuachar dhi. Is
amhlaigh boi arus Dheirdre a n-daingion na craoibhe, do reir recht
an righ, gach solus dúnta a n-éadan a dúnaigh, & na
fuineóghadh cuil a bheith forsguoilte, luibhghuirt áluinn lán
torrthach in n-iar thaobh a leassa inn a m-bia Déirdre, seal a siubhul
faoi shuil a h-oide a t-tús & a n-deireadh an laé, faoi sgath
na n-gcraobh sna n-geag úra & re h-úr sreabha
siubhulach lúbach baoi snamh go sáimh tri lár an úirlis.
Muir ard aibheil aimhreidh, nach uras tarsnadh ag timchiolradh an mhór
adhbha soin, & ceathrar farchon fogharg o Chonchobhar ag buan
choimhead ann, & bo baoghalach saoghal don te da lámhadh a
ionsoigheadh.
p.146
Oir nir bho dleacht do neach firionn dol da ghar, no a c-coir Déirdre,
no fós feachain uirre, acht a h-oide darb ainm Cailcin & an righ
Conchobhar boidhein. Ba rathmhur reim Chonchobhair & ba calma clu
curadh na Craoibhruaidhe ag cosnamh coigeadh Uladh a n-aighe Allmhurach
& gach coige eile a n-Éirinn re n-a linn, & ni raibh triar
a t-teaghlach na h-Amhna no a m-Banba fá seach, ba crodha
iná mic Uisneach, no laochraidh dob' airde ceim na iad .i. Naoise,
Ainle & Ardan.
Iomthusa Dhéirdre, an tráth ba ceithre m-bliaghan décc
d'aois dí, do frith ionuachar í & do thriall Conchobhar
go t-tuccadh cum a aird cearcaille
There is a note at the bottom of the page here, 'cearcaille, a bed; aird
cearcaille foidhein, his own royal bed'.
foidhein í. Luighios mun am sin dubrón & trom thuile
tuirse an an oig rioghain, gan chodhlodh sáimh, gan satha thomaltus, cen
macnaois, mar ba gnátha lei.
Go t-tarla lá n-aon re lin laoige luighe san n-geimhre go n-deacha Cailcin
oide Dheirdre a marbhadh laoighe chum prainn d'ollmugha di-si, & iar
n-dorta fola an laoighe amuigh ar a t-sneachta cromus fiach dubh da h-ól
& mar thucc Déirdre sin dá n-aire & í ag
feitheamh tre fuineoig an daingnich ro
'daingnich. R' MS.
leig osna throm go n-gcuala Cailcin í. ‘Créd fath
do thuirse, inghion?’ ol sé. ‘Monuar nach raibh súd agum mar cím,’
ol si. ‘Biaidh sin agud má 's feidir,’ ol sé, ag tarraing a láimhe
go h-athalámh gur chaith urchor gan iomroll da sgine ar amhus a
n-fhich, gur thrasgar a leath chois dhe, & togus a n-ean iaromh &
ro theilg fon aice Dheirdre é. Clisios an inghion a c-ceadoir
& ro thuit a n-anfainne, go ranoicc Leabharcham fa cobhair dhi.
‘Cred fa filir mar chím, a inghion ionmhuin?’ ol si, ‘oir is truagh
do gne otha n-de a leith.’ ‘Mion mian tárla dhom,’ ol Deirdre.
‘Cred an mion sin?’ ar Leabharcham. ‘Tri datha it chonarcas,’ ol Déirdre
‘.i. duibhe a n-fhich, dircce na fola, & gile an t-sneachta.’
‘Is urus sin d'faghail duit anois,’ ol Leabharcham, & d'eircche
mach cen fuireach & ro cruinnig lán leastar don t-sneachta &
leath lán chuaiche d'fuil a laoigh, & beanas trí chleite as
sgiathan a n-fhich & ro leag ar clar as comhar na h-inghiona iad. Ro
thionsgain Deirdre samhail mar
p.148
da m-biadh ag ithe an t-sneachta & ag blaiseadh na fola go falsa le bar
chleite an fhich & a buime ag breathnadh go geur uirre, gur iar Déirdre
ar Leabharcham a fagbhail lei fein seal. Imthighios Leabharcum
& fillios aris, & is amhlaighe a fuair si Deirdre ag cumadh meall
sneachta a n-deilbh cinn fir & ga bhreacadh le bar chleite an n-fhich
as cru a laoigh & ag cur mionchlumh dubha mar folt fair & nír
airigh si a buime ag breathnughadh uirre no gur chriochnuigh e. ‘Cia dó
is samhlait sin?’ ol Leabharcam. Clisios Deirdre & dubhairt
‘is oiber somilte í.’ ‘Is ró iongamh liom-sa an ober
sin a inghion,’ ol Leabharcam, ‘oir nír bu ghnáth
leat-sa deilbh fir do tharraing, nocha ro bhoi dleacht do bhandail na h-Amhna
mhúnadh dhuit acht comhsamhlacht Chonchobhar náma.’
‘It-conairc me gnuis am' aisling,’ ar Deirdre, ‘ba gile gnaoi ina
gnuis an rígh, no Chailcin, & is ann a bh-feacus na trí
datha do craigh mé .i. gile an t-sneachta ar a chneis, duibhe an fhiche
ar a fhuilt, & deirge na fola ar a ghruaidh; & mo nuar, ni buan mo
bheatha muna b-fhagham mo mhion.’ ‘Faroer do mhíon a mion!’
ar Leabharcham. ‘Mo mhion a bhuime caoimh,’ ar Deirdre. ‘Mo
nuar, is truagh do mhion & is doilghe d'fhaghail,’ ol Leabharcam,
‘oir daingion dúnta bruighion na craoibhe, is ard aimhreidh badhmhun
timchioll & geur coimhéd na m-borb f-farchon inte.’ ‘Ni baoghal
duinn na coin,’ ol Déirdre, ‘Cáit inn ar dhearcais an
ghnuis sin?’ ol Leabharcam. ‘I n-aisling a né,’ ol Deirdre
& í ag caoi, iar bh-folach a gnuis a n-ucht a buime & ag sileadh
déar gu flias fras?. ‘Eirighe diom, a dhalta dhil,’ ol Leabharcum,
‘& cosg do dheora feasta go n-ithir biadh & go n-ibhthir deoch, &
d'eis Cailcin a phrainn a chealamh beimaoid ar aon a teacht ar an
aisling’. Togbhas a buime cionn Dheirdre suas ‘gabh uchtac, a
inghion,’ ol si, ‘& bi foigheideach, óir is doigh linn go
bh-fuigheir do mhion go seadh; óir do reir aosa & beatha daonda ni
fada buan saoghal Chonchobhair ad' aice.’
Iar n-imthiacht do Leabharcham uaiche d'airigh si brat uaithne
crochaidh a m-bal fuineóighe dúnta, ar chionn luircc umha &
bar gaithe da saitheadh tre mhuir na bruighine. Cuireas
p.150
Leabharchum a lámh chuige go ranaic lei go reídh, 's gur
tuitsiomh clocha & caonach nuas ina h-aithle, co madh leir solus lae,
faithche feurmhur, & rian na n-gaisgeach, os comhair eadan na bruighne,
& na laochra ar a lúth-chleassa muigh. ‘Tuigim, a dhalta,’ ol Leabhurcum,
‘gur ab ann son ro chonairc tu an aisling uccadh’, acht nír
fhreagar Deairdre dhí. D'fhag a buime biadh & beoir ar clar a
lathoir Dheirdre & d'imthig uaiche cen labhairt lei, oir nír
thaitean le Leabharcam tolladh na fuineoige d'eagla Chonchubhair
no Chailcín fios d'fhaghail fair. Iomthusa Dheirdre rir
chealaigh prainn, acht ro choisg a h-iotach as corn beorach & togus feoil a
laoigh lei iar n-a fholach fo bhinn a braite & ro luidh chum a h-oide &
iarrus cead dul seal amach fa chula na bruighne. ‘Ta an lo fuar, agus sneachta
dubhuinn ann, a inghion,’ ol Cailcin, ‘acht feidir siubhul seal fa
sgath sleasaibh na bruighne, & tobhair dod' aire tiach duigthear na coin’.
D'imthigh Déirdre mach & nior stuanadh lei go n-deachaidh sios
tri lar a t-sneachta mar a raibh cuas na bh-farchon, & mar aithin na coin
í & balamh a n-feoil, nior bhain lei, & ní dhearnadar
tafan, gur rainn si a prainn eotorra, & fillios asteach as a h-aithle.
Tanaic Leabharcam iaramh, & fuair Déirdre na luighe air
leathtaobh a cearcaille, & í ag osnamh go trom & a falcadh déar.
Ro sheas a buime go toi seal, ag breathnughadh uirre, gur maothadh a croidhe
chum truaighe & gur imthigh a fearcc uaidhche. Sínios a lámh
& as eadh ro ráidh: ‘Eircche inghion chaidh go m-béimis a trácht
ar an aisling & airis dom a bh-facais an gaisgiath dubh na h-aislinge ucchad
ariamh, a roimh n-dé
This is probably the origin of the curious phrase in modern Irish arú
(arroo) andé = 'the day before yesterday', i.e. a-roimh andé.
,’ ol Leabharcuim. ‘Gaisgiath geal, a bhuime chaoimh, gaisgiath na
n-gruadh geanamhuil chorcuisi,’ ol Déirdre. ‘Airis dam gan ghó,’
ol Leabharcam, ‘an bh-faicis ariamh an laoch sin roimhe n-dé,
no sul far thollais obair na fuineoige ré bar gaithe & le lorcc umha,
& gur dhearcais thrid amach ar laochraidh na Cróibhe tan ro bhádor
ar a c-cleassa lúth, ar rian na c-curadh, & go bh-facais a n-aisling
a dubhrais.’ Folachas Deirdre a gnúis a m-brollach a buime ag
caoi, go n-dubhairt: ‘A mháthair chain & oileamhuin mo chroidhe, ná
p.152
h-abair sin lem oide & ní cheilfim ort go bh-facas é ar
faithche na h-eamhna ris na macaibh ag imirt cluibhthe & a foghlaim cleassa
goile, & och ba h-álain gnaoi dho, an tráth sin, & bu ro
gheanamhuil andé.’ ‘A inghion,’ ol Leabharcam, ‘ni fhaca
tusa na macaoibh no faithche na h-eamhna ón trath bu seacht m-bliadhain
d'aois duit, & ita sin sepht m-bliadhna o shoin.’ ‘Sepht searbh
m-bliadna,’ ol Déirdre, ‘o chonairc mé aoibhneas na
faithche & imirt na macan, 's gur chind Naoise tar ócclaochuibh
na h-eamhna ar cheana.’ ‘Naoise mac Uisneach,’ ol Leabharcam.
‘Naoise is ainm dó mar dubhairt sé liom,’ ol Déirdre,
‘acht níor fhiarfuigh me ciar mhac é.’ ‘Mar dubhairt sé
leat!’ ol Leabharcam. ‘Mar dubhairt sé liom,’ ol Déirdre,
‘an tan ro chaith se urchor meill re h-iomroll siar go fiar tar
chionn an oghbhuidhean do sheas fa h-úr na faithche, & d'eirghidhe
meise ar chaich gur thogus an leathroid & toirbhiros dó i, &
d'faisg se mo lámh go luaghaireach.’ ‘D'faisg do lamh, inghean!’ ol
Leabharcam. ‘D'faisg se í go díl, & dubhairt go
b-feicfeadh arís me, ach bu deacair dó, & ní fhacus
é o soin go t-ti n-dé, & a bhuime chaoimh, mas maith
leat béo me, beir sgeala dhó uaim-se & aber leis tiacht dom'
fhios & dom' agalla os isioll anocht, gan fhios do Chailcin, no
d'aoin neach oile.’ ‘A inghion,’ ol Leabharcam, ‘is ro bhaoghalach
an toisg chosg do mhiansa d'fhaghail, ó fheircc an righ, faoi gheur
choimhéd Chailcin, um bh-fioch na bh-farcon n-garg, & mun
aimhréidhe an bhadhbhun timchioll.’ ‘Ni baoghal duinn na coin,’ ol Déirdre.
‘Tuilleadh fos,’ ol Leabharcham, ‘is mor cion Chonchobhair
ar Cloinn Uisneach & nil éin churaidh fon Craobhruaidh
is disle dho ina Naoise.’ ‘Ma seadh mac Uisneach é,’
ol Déirdre, ‘do chualas a thaiste o bhandail na h-Amhna
's gur mór a ghabhaltusi fein a n-iarthar Alban, leith muigh do
chumus Chonchobhair, & a bhuime chaoin, aitiom ort dul da fhios Naoise
& feidir aithris do mar táim & mar mó mo chionas air
ina ar Chonchobhair.’ ‘Aithris fein sin do ma eidir,’ ol Leabharcam,
& d'imthigh mach a c-ceadoir d'fhios Naoise, gur frith é,
& go ranaic lei go h-arus Dhéirdre a t-tus na h-oidhche gan
fhios do Chailcin. Tráth
p.154
conairc Naoise breaghacht gnaoi na h-inghiona liontar é re tuile
seirc, & aitighios Déirdre fair, a breith ar eologh go h-Albain,
acht bu ro dhoilighe le Naoise sin, d'eagla Chonchobhair, ach
faire na h-oidhche ro ghabh Dhéirdre buaidh fair, gur aonta dhi,
accos ro triallsat imightheacht san oidhche iar n-a mharoch.
Dealogh Deirdre a meodhan na h-oidhche gan fhios da h-oide ina da
buime o(i)r táinic Naoise an tráth sin & a dhis bráthar
maraon fris, gur thollastar bearn a chúl chuas na c-con, o(i)r ro
bhadhtar na madradh marbh cheana re nimh o Deirdre.
D'ardaighiodar an inghion tar na muiribh tres gach aimreidhe, gur bhuan
reabpa brait & bar eideagh dhi, & cuirseamh ar muin eich í &
nír stuanadh riú go Slíab Fuaid & Fioncharn
na foraire, & go ranccadar au cuan, & go n-deacadar a luing & gur
seoladh iad re gaoith o n-deas tar bochnamara & for dhruim cladh an domhuin
fairge go Loch n-Eathaig an iarthar Albain, & tri
coeccad curadh crodha maraon friu, .&. fo gach fear don tríar
dearbhrathar .i. Naoise, Ainli accos Ardan.
Background details and bibliographic information
File Description
compiled by Stephen Beechinor
Funded by University College, Cork
1. First draft, revised and corrected.
Extent of text: 2 800 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University
College, Cork
College Road, Cork, Ireland. -- http:www.ucc.ie/celt
(2001)
Distributed by CELT online at University College, Cork,
Ireland.
Text ID Number: G301020
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for
purposes of academic research and teaching only.
Sources
Manuscript sources.
- Book of Leinster, p 259b-261b (oldest version).
- Yellow Book of Lecan, col. 749-53, Trinity College
Dublin.
- Glen Masáin National Library of Scotland,
Advocates Library MSS. 56, 53, Edinburgh (vellum MS of the 15th century)
- Egerton 1782, f67r-69v, London, British Museum.
- Unnumbered MS., Belfast Museum (late 18th to early
19th century)
Editions.
- Theophilus O'Flanagan, Deirdri, or, the Lamentable
Fate of the Sons of Usnach, an ancient dramatic Irish tale, one of the three
tragic stories of Erin; literally translated into English, from an original
Gaelic manuscript, with notes and observations: to which is annexed the old
historic facts on which the story is founded, Transactions of the Gaelic
Society of Dublin I, Dublin 1808.
- Eugene O'Curry, The 'Tri Thruaighe na Scéalaigheachta'
(i.e. the 'Three Most Sorrowful Tales') of Erinn. 'The Exile of the Children
of Uisneach' [edited from the old MS. called the 'Yellow Book of Lecain' col.
749-53 in the Library of Trinity College, Dublin], Atlantis 3 (1862)
377-422.
- Ernst Windisch, Longes mac nUisnig. 'Die Verbannung
der Söhne Usnechs', Irische Texte mit Übersetzungen und Wörterbuch
1, herausg. von W. Stokes und E. Windisch (Leipzig 1880) [Text from Book of
Leinster, fo. 192, with variant readings of Yellow Book of Lecan and Egerton,
1782. [Text reprinted in Gaelic Journal 1 (1883) 378-91].
- Whitley Stokes, The Death of the Sons of Uisneach,
Irische Texte 2 (Leipzig 1887) 109-84 [Text of Oided mac nUisnig from the
Glen Masáin MSS. 56, 53 Edinburgh, with introduction, English
translation, and notes. Corrigenda in 3, 283]
- A. Cameron, Deirdre and the Sons of Uisneach [ed.
from Edinburgh MS. 56 with transl. and notes; also text of the Glenmasan MS.],
Reliquiae Celticae 2 (1894) 421-74.
- Vernam Hull, ed., Longes mac n-Uislenn. The Exile of
the sons of Uisliu, New York/London 1949 [Reconstituted text based on the
Book of Leinster MS].
- Breandán Ó Buachalla, ed., Imthiacht
Dheirdre la Naoise agus oidhe chloinne Uisneach, Zeitschrift für
celtische Philologie 29 (1962/64), (H. 1/2, 1962), 114-54.
- Caoimhín Mac Giolla Léith (ed. and
trans.), Oidheadh Chloinne hUisneach. The Violent Death of the Children of
Uisneach. Irish Texts Society, vol. 56. London: Irish Texts Society, 1993.
Translations and Adaptations
- Samuel Ferguson, 'The Death of the Children of
Usnach', Hibernian Nights' Entertainment. Dublin University Magazine (December
1834), 670-688.
- R.D. Joyce, Deirdre, Boston 1876.
- Ernst Windisch, Longes mac nUisnig. 'Die Verbannung
der Söhne Usnechs', Irische Texte mit Übersetzungen und Wörterbuch
1, herausg. von W. Stokes und E. Windisch (Leipzig 1880) [German].
- Standish H. O'Grady, History of Ireland: the Heroic
Period, London 1878.
- P. W. Joyce, 'The Fate of the Sons of Usna', Old
Celtic Romances, London 1879.
- Georges Dottin, Exil des fils d'Usnech, autrement
dit: Meurtre des fils d'Usnech et de Derdriu, in: H. d'Arbois de Jubainville
(ed.), L'epopée celtique en Irlande (=Cours de littérature
celtique), Paris 1892.
- D. MacKinnon, The Glenmasan Manuscript, The Celtic
Review 1 (1905-08) 3-17; 104-131 [English].
- Samuel Ferguson, 'Deirdre', Poems of Sir Samuel
Ferguson, Dublin 1918.
- Aubrey de Vere, 'The Sons of Usnach', The Poetical
Works of Aubrey de Vere II, London 1882.
- Standish Hayes O'Grady, The Coming of Cuculain,
Dublin 1894.
- Douglas Hyde, The Three Sorrows of Story-Telling and
Ballads of St Columkille, London 1895.
- John Todhunter, Three Irish Bardic Tales, London
1896.
- George Sigerson, Bards of the Gael and the Gall,
London 1897.
- Eleanor Hull, The Cuchullin Saga in Irish Literature,
London 1898.
- Douglas Hyde, A Literary History of Ireland, London
1899.
- William Sharp, The House of Uena, Portland/Maine
1900.
- Herbert Trench, Deirdre Wedded, London 1901.
- Lady Gregory, Cuchulain of Muirthemne, London 1902.
- C. L. Thompson, The Celtic Wonder World n. p. 1902.
- George William Russell (A.E.), 'Deirdre',
Imaginations and Reveries, Dublin 1916.
- Máire Ní Siúdlaig, 'Deirdre',
The Gael (March 1904), 85-86.
- A. H. Leahy, Ancient Heroic Romances of Ireland II,
London 1905.
- Charles Squire, The Mythology of the British Isles,
London 1905.
- Eleanor Hull, A Text-Book of Irish Literature,
London 1906.
- W. B. Yeats, Deirdre (London 1907) A. H. Bullen.
- John M. Synge, Deirdre of the Sorrows (NY 1910) John
Quin.
- T. W. Rolleston, Myths and Legends of the Celtic
Race, London 1911.
- Eva Goore-Booth, The Buried Life of Deirdre [Accepted
for performance by the National Theatre of Ireland in October, 1911, but
never performed. Published in limited edition of 250 copies (NY 1930)
Longman's].
- Anonymous, Fate of the children of Uisneach, Dublin
1914.
- James Stephens, Deirdre, New York 1923.
- Máirín A. Cheavasa, The Unfaithfulness
of Naoise, Cork 1930.
- "J. J. Jones", Deirdre, Cork 1930.
- Kim McCone and Pádraig Ó Fiannachta,
Scéalaíocht ár sinsear, Maynooth 1992, 109-116 [Modern
Irish adaptation].
Secondary literature
- Rev. J. J. O'Carroll, S. J., Appendix to the three
texts of Longes mac nUisnig, as given by O'Curry, O'Flanagan and Windisch,
Gaelic Journal 2 (1884) 17-30, 51-58.
- H. d'Arbois de Jubainville, L'épopée
celtique en Irlande (Paris 1892) Libraire du Collège de France.
- R. K. Smith, Loch Etive and the Sons of Usnach. [With
illustr. by Miss J. Knox-Smith] (Edinburgh, 1885).
- Oidhe Chloinne Uisnigh, ed. R. J. O'Duffy [Critical
notice] Gaelic Journal 9 (1898) 275-6, 295-298.
- Eleanor Hull, The story of Deirdre in its bearing on
the social development of the folk-tale, Folk-Lore 15 (1904) 24-39.
- Josef Weisweiler, Deirdriu und Gráinne,
Paideuma 2 (1941/43), (H. 4/5, 1942) 197-223.
- Myles Dillon, Early Irish Literature (Chicago 1948)
Chicago U.P.
- Máirín O'Daly, [review of Hull (1949)]
Béaloideas 19, 1949 (1950), 196-207.
- D. A. Binchy, [review of Hull (1949)] Éigse
6, 1948/1952 (pt. 2, 1950) 179-183.
- Gerard Murphy, [review of Hull (1949)] Studies 39
(1950), 108-9.
- Howard Meroney, [review of Hull (1949)] Modern
Language Notes 67 (1952), 61-63.
- Hugh P. Bevan, The topography of the Deirdre story,
Bulletin of the Ulster Place-names Society 5 (1957) pt. 1, 1-5.
- E.G. Quin, Longas mac nUisnig, in: Myles Dillon (ed.),
Irish sagas, Dublin 1959; Cork 1968, 51-65.
- Herbert V. Fackler, Nineteenth-century sources for
the Deirdre legend, Éire-Ireland 4 (1969) uimh. 4, 56-63.
- Sister Margaret P. Slattery, Deirdre: the 'Mingling
of Controversies' in Plot and Symbolism, Modern Drama 9 (Spring 1969),
400-403.
- Maria Tymoczko, Animal Imagery in Loinges Mac
nUislenn, Stud. Celtica 20/21 (1985/86) 145-166.
- Patrick Sims-Williams, Fionn and Deirdre in Late
Medieval Wales, Éigse 23 (1989), 1-15.
- Máire Herbert, The Universe of Male and
Female: A Reading of the Deirdre Story, in: Cyril J. Byrne, Margaret Harry,
and Pádraig Ó Siadhail (eds.), Celtic Languages and Celtic
Peoples: Proceedings of the Second North American Congress of Celtic Studies
held in Halifax August 16-19, 1989. Halifax 1992, 53-64.
- Máire Herbert, Celtic heroine? The
archaeology of the Deirdre story, in: T. O'Brien Johnson and D. Cairns (eds.),
Gender in Irish Writing, Milton Keynes/Philadelphia 1991, 13-22.
- Cornelius G. Buttimer, Longes Mac nUislenn
Reconsidered, Éigse 28 (1994/95), 1-41.
- Caoimhín Breatnach, Oidheadh Chloinne Uisnigh,
Ériu 45 (1994), 99-112.
- Caoimhín Breatnach [Rev. of Mac Giolla Léith
1993], Éigse 28 (1994-5), 200-218.
- Mícheál Ó Flaithearta [Rev. of
Mac Giolla Léith 1993], Cambrian Medieval Celtic Studies 29 (1995),
75-77.
- Doris Edel [Rev. of Mac Giolla Léith 1993],
Zeitschrift für celtische Philologie 48 (1996), 331-333.
The edition used in the digital edition.
- Douglas Hyde, Déirdre in Zeitschrift
für celtische Philologie. volume 2 (1899) pages 138-155
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All editorial introduction, translation, notes and
indexes have been omitted. Editorial corrigenda are integrated into the
electronic edition. All variants recorded by the editor have been retained and
these are tagged as variants. In the case of variant readings, editorial
expansions of MS abbreviations, rendered in italic in the edition, are not
marked. Missing text supplied by the editor is tagged. The manuscripts have not
been freshly collated.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using
NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text.
Quotation
Direct speech is marked q.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been
retained.
Segmentation
div0=the whole text.
Interpretation
Personal names(given names), place names and group
names are tagged.
Canonical References
The N attribute of each text in this corpus
carries a unique identifying number for the whole text. The title of the text is
held as the first head element within each text. DIV0 is
reserved for the text (whether in one volume or many).
Profile Description
Created: By (an) unknown author(s).
Use of language
Language: GA
The text is in Early Modern Irish.
Revision History
- (2001-06-28)
Stephen Beechinor (ed.)
- Second proofing and application of structural mark
and basic content mark-up (PersNames, OrgNames, PlaceNames); editorial
footnotes and Select Bibliography inserted.
- (2001-06-28)
Beatrix Färber (ed.)
- Text converted to ASCII, header created; file parsed.
- (1997?)
Students at the History Department, UCC (ed.)
- First proofing.
- (1997?)
Students at the History Department, UCC (ed.)
- Text captured by scanning.
© Aerius, 2004